Mise is feoil

Mise ‘is feoil? Is scéal grá í. Ní thaithníonn aon rud níos mó liom ná feoil rósta mo mháthair. Bheinn lán sásta an turas ar ais chuig An Rinn a dhéanamh just chun mo bhéile blasta a fháil uaithi. ‘Is mar atá coitíonta in Éirinn, bíonn feoil ar an mbord do gach dinnéar. Sin an ghnáthrud nach ea?

Bhuel, tá an méid théis athrú in Éirinn le scór bliain anuas, is tá áiféal orm a rá go mbeidh orainn ár meoin ar fheoil a shocrú don 21ú aois déag, toisc gurb feoil ‘is an talmhaíocht ceann de na baol is MÓ don timpeallacht, agus is féidir linne ár saoil a athrú beagán beag, ‘is diofraíocht ollmhór a dhéanamh. In san cás seo, nílim ag iarradh oraibh a bheith i bhur veigeatóirí. An rud amháin a bhfuilim ag iarradh oraibh ná gan feoil a itheadh gach uair a suíonn tú síos do dhinnéar.

Ní smaoinítear riamh ar an díomhál a bhfuil na ba ar fud an domhain ag déanamh chuig ár dtimpeallacht. Scaoiltear le 32,000 milliún tonna de Carbóin Déocsóid gach bliain de bhárr talmhaíocht. Sin níos mó ná leath de gháis cheaptha teasa uilig. Agus, lenár gcabhair, is féidir linn an dochar seo a laghdú. Rud chomh simplí le athrú chuig feoil ionaid, is suimiúl go leor, feithidí.

An fáth gur thosnaigh mé ag itheadh an saghas pseudofheoil seo ná gur thug mo chailín “Quorn” (Tá fhios agaibh an feoil sin a dhéanann Mo Farah fógraíocht do.) dom, is níor thug mé faoi dearadh go raibh díofraíocht ar bith ann! Dhein mé beagán taighde, agus fuaireas amach go bhfuil dhá babhta níos mó próitéin ann ná ghnáthfheoil. Is as fungas a dheintear é, ‘is níl mórán saill ann in aon chor ach oiread! Níl blas ró-dhona uaidh (muise, ní bheinn théis é a itheadh dá mbeadh), ní théann sé lofa, ‘is tá sé níos saoire ná sicín nó feoil.

Tá saineolaithe ag déanamh taighde ar dhaoine ag itheadh feithidí ‘is an tionchar a bheadh aige sin ar an timpeallacht. Is páirt den chultúr, cosúil leis an ólacháin in Éirinn, a bheith ag itheadh feithidí thart an domhain. Tógann sé 4 uaire an mhéid carbóin punta mairtfheoil a fhás i gcomparáid le cruicéid, tá an méid próitéin céanna iontú, is le leath den saill ann! Is dócha gurb í an rud ab aistí go mbeadh tú ag ceannach do chuid gainz i do siopa pheata áitiúl.

Tá sé ait go bhfuilimse ag scríobh alt faoi feoil is an dochar atá sé ag déanamh, táim cinnte go bhfuil mo dlúthchairde ag breathnú lasmuigh do gealach gorm. ‘Is nílim á scríobh seo mar “hippie”, ach mar dhuine nach bhfuil amaideach. Tá athrú aeráide ag tarlú. Ná cuirigí an dall mhullóg oraibh fhéin! ‘Is ní thosnaíonn an athrú meoin in san Hague, nó i Kyoto, nó san Dáil, ach libhse! Mar a dheireann an cliché, ní thógann sé ach athrú beag chun díofraíocht mór a dhéanamh!

-Éinne Ó Cathasaigh

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *